Bean Pháidín/An Poc AR Buile

PADDY MOLONEY

'S é'n trua ghéar nach mise, nach mise
'S é'n trua ghéar nach mise bean Pháidín
'S é'n trua ghéar nach mise, nach mise
'S an bhean atá aige bheith caillte

Rachainn go Gallaí' go Gallaí'
Is rachainn go Gallaí' le Pháidín
Rachainn go Gallaí' go Gallaí'
Is thiocfainn abhaile sa mbád leis
(Curfá 1)

Rachainn go haonach an Chlocháin
Is siar go Béal Á' na Báighe
Bhreathnóinn isteach tríd an bhfuinneog
A' súil is go bhfeicfinn bean Pháidín

(Curfá 1)

Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa 'bean Pháidín
Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa 's do chnámha

(Curfá 1)

Ar mo ghabáil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha
Píce i m' dhóid is mé ag dul i meitheal
Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh
Ach pocán crón is é ar buile

Curfá 2:
Alliliú puilliliu
Alliliú tá an poc ar buile
Alliliú puilliliu
Alliliú tá an poc ar buile

Ritheamar trasna trí ruilleogach
Is ghluais an comhrac ar fud na muinge
Is treascairt dá bhfuair sé sna turtóga
Is chuas ina ainneoin ar a dhroim le fuinneamh

(Curfá 2) (Chorus 2)

Bhí garda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsaí chun sinn a chlipeadh
Bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air
Is dá bhríste nua do dhein sé giobail

Trivia about the song Bean Pháidín/An Poc AR Buile by Anúna

When was the song “Bean Pháidín/An Poc AR Buile” released by Anúna?
The song Bean Pháidín/An Poc AR Buile was released in 1993, on the album “Anúna”.
Who composed the song “Bean Pháidín/An Poc AR Buile” by Anúna?
The song “Bean Pháidín/An Poc AR Buile” by Anúna was composed by PADDY MOLONEY.

Most popular songs of Anúna

Other artists of Hard rock