Bhean a Ti

Ó éirigí suas a thogha na bhfear,
Is cuirigí píce 'r bharr gach cleith.
Is leagaigí síos iad lucht an droch-chroí
Agus cuirigí dlí na Frainc' ar bun.
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?

Tá jug ar an mbord is tá beoir ag teacht,
Tá arm go leor ag an Duke of York.
Tá 'n Francach 's an Spáinneach ar bhruach na trá,
Agus b'fhearr liom go mór é ná comhrá ban,
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?

Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais,
Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear;
Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín,
Gan airgead síos bí 'gabháil amach,
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?

Trivia about the song Bhean a Ti by Clannad

On which albums was the song “Bhean a Ti” released by Clannad?
Clannad released the song on the albums “Clannad in Concert” in 1979 and “Turas 1980” in 2018.

Most popular songs of Clannad

Other artists of New Age