Coinleach Ghlas An Fhomhair

Jörgen Elofsson

Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
'Sba ró-dheas do leagan siubhail
Do ghruaidh ar dhath na rósaí
'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
Monuar gan sinn 'ár bpósadh
Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail

Tá buachaillí na h-áite seo
A' gartha 'gus ag éirghe teann
Is lucht na gcochán árd
A' deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile 's a shlóighte cruinn
Bhrúighfinn féar is fásach
'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn

Ceannacht buaibh ar aontaigh'
Dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéad-searc
Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn
Go sgartar ó n-a chéile
Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn
Ní sgarfar sin ó chéile
'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn

Chuir mé leitir scríobhtha
Annsoir mo sweetheart agus casaoid ghéar
Chuir sí chugam arís í
Go rabh a croidhe istuigh i lár mo chléibh
Cum na h-eala is míne
Ná'n síoda 's ná cluimh na n-éan
Nach trom an osna ghním-se
Nuair a smaoitighim ar a bheith 'sgaradh léi

'Sé chuala m/e Dé Domhnaigh
Mar chómhrádh 'gabháil eadar mhnáibh
Go rabh sí 'gabháil 'a pósadh
Ar óigfhear dá bhfuil san áit
A stóirín glac mo chomhairle
'S a' foghmhar seo fan mar tá
'S cha leigim le 'bhfuil beo thú
A stór nó 's tú mo ghrádh

Trivia about the song Coinleach Ghlas An Fhomhair by Clannad

On which albums was the song “Coinleach Ghlas An Fhomhair” released by Clannad?
Clannad released the song on the albums “Clannad 2” in 1975, “Magical Ring” in 1983, “Past Present” in 1989, “An Díolaim” in 1998, “A Magical Gathering: The Clannad Anthology” in 2002, and “The Best Of Clannad: Clannad Chilled” in 2003.
Who composed the song “Coinleach Ghlas An Fhomhair” by Clannad?
The song “Coinleach Ghlas An Fhomhair” by Clannad was composed by Jörgen Elofsson.

Most popular songs of Clannad

Other artists of New Age