Buachaill on Eirne

Sean O’Boyle

Buachaill ón Éirne 's mé ’s bhréagfainn féin cailín deas óg
Ní iarrfainn bó spré léithe; tá mé féin saibhir go leor
'S liom Corcaigh 'á mhéad é, dhá thaobh a’ ghleanna 's Tír Eoghain
Mura n-athraí mé béasaí 's mé 'n t-oidhr' ar Chontae Mhaigh Eo

Rachaidh mé 'márach a dhéanamh leanna fán choill
Gan coite gan bád gan gráinnín brach' ar bith liom
Ach duilliúr na gcraobh mar éideadh leapa os mo chionn
'S óró sheacht mh’anam déag thú ’s tú ' féachaint orm anall

Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mé ariamh
Ach ar imirt ’s ag ól le hóg-mhná deasa fán shliabh
Má chaill mé mó stór ní dóigh gur chaill mé mo chiall
'S ní mó liom do phóg ná an bhróg atá á caitheamh le bliain

A chuisle 's a stór ná pós an seanduine liath
Ach pós a' fear óg, mo leo, mura maire sé ach bliain
Nó beidh tú go fóill gan ua nó mac os do chionn
A shilfeadh na ndeor tráthnóna nó maidin go trom

Trivia about the song Buachaill on Eirne by Liam Clancy

When was the song “Buachaill on Eirne” released by Liam Clancy?
The song Buachaill on Eirne was released in 1999, on the album “Irish Troubadour”.
Who composed the song “Buachaill on Eirne” by Liam Clancy?
The song “Buachaill on Eirne” by Liam Clancy was composed by Sean O’Boyle.

Most popular songs of Liam Clancy

Other artists of Irish folk