Crucan Na Bpaiste

Is briste mo chroí, is uaigneach mo shlí
Is mo stóirín in a luí is mé cráite;
‘S é deireadh mo shaol, is mo chailín beag rua
Sínte i gCrucán na bPáiste

Ni fheicfidh sí arís an drúcht ar an bhféar
Nó an sneachta i ngleannta Mhaamtrasna
Gan ghrian ar a h-aghaidh, gan ceol binn na n-éan
Ach an chré fuar i gCrucán na bPáiste

In ainm an Athair is in ainm an Mhic
Is a Mháithrín atá lán de ghrásta;
In ainm an Spioraid Naomh ná fág me beo
Is mo mháinlín i gCrucán bPáiste

Is buartha na sléibhte, is tá mairg ar an Mask
Is olc mise gan i bheith sábháilte;
Is an fhad a bhéas mé beo ní sheasfaidh mé ar fhód
Na hÉireann nó i gCrucán na bPáiste

In ainm an Athair is in ainm an Mhic
Is a Mháithrín atá lán de ghrásta;
In ainm an Spioraid Naomh ná fág me beo
Is mo mháinlín i gCrucán bPáiste

Trivia about the song Crucan Na Bpaiste by Karen Matheson

When was the song “Crucan Na Bpaiste” released by Karen Matheson?
The song Crucan Na Bpaiste was released in 2005, on the album “Downriver”.

Most popular songs of Karen Matheson

Other artists of Celtic music